Bhí lanúin óg ina suí cois tine tráthnóna amháin. Bhí an páipéar ag Seán, ach bhí a bhean ag iarraidh labhairt leis. Dúirt sé go raibh sé ag obair an lá ar fad, agus dúirt an bhean go raibh sise ag obair an lá ar fad sa teach. Thug sé leathanach den pháipéar di. Bhí an leanbh ina chodladh sa phram, bhí stéig á ullmhú sa chistin, agus bhí seancharr sa gharáiste.
Chonaic an bhean suirbhé sa nuachtán a dúirt go raibh ceathrú de mhná pósta na tíre míshásta ina saol. Bhí ionadh ar an fhear nuair a dúirt a bhean nach raibh sí féin sásta. Dúirt sí gur tháinig bean óg chun tí tamall ó shin agus gur ghlac sí páirt sa tsuirbhé. Bhí fearg ar an fhear céile gur thug sí eolas príobháideach don bhean.
Dúirt a bhean go raibh trua aici don chuairteoir, a bhí ag iompar clainne agus ag iarraidh airgead a dhéanamh do theach nua. Bhí sé ar intinn ag an bhean chéile seasamh isteach don bhean óg nuair a bheadh sí ag saolú clainne san ospidéal. Cheannódh sí sorn nua leis an airgead.
Ní raibh an fear céile sásta mar bhí sé buartha faoin leanbh. Dúirt a bhean go dtógfadh sí an leanbh léi agus í ag obair. Shíl an fear go raibh sí ag iarraidh poist mar go raibh sí míshásta sa teach, ach dúirt sí nach raibh sin fíor.
Dúirt sí gur inis sí bréaga ar fad sa tsuirbhé mar go raibh sí dúdóite lena fear an mhaidin sin. Lean an bheirt ag caint agus faic athraithe. Bhí an lanúin fós cois tine, an leanbh fós ina chodladh sa phram, an stéig fós á ullmhú sa chistin, agus bhí an seancharr fós sa gharáiste.

Leave a Reply