IRISH – Gnáthrud Achoimre (Summary for Gnáthrud)

December 16, 2013 by in category Notes tagged as , , , , with 0 and 3
Home > Blog > Notes > IRISH – Gnáthrud Achoimre (Summary for Gnáthrud)

Bhí Jimmy ag ól lena chairde i dteach tabhairne i mBéal Feirste. Smaoinigh sé ar a bhean chéile álainn ag iarraidh na páistí a chur a luí. Ní raibh Jimmy sásta bheith ag ól, ach dúirt Sarah leis dul ar eagla go sílfí go raibh sé faoi shlat aici.

D’ordaigh Jimmy deochanna dá chairde, ach ní raibh Billy ag iarraidh ach deoch beag. Shíl Jimmy go raibh sé greannmhar – Bhí a fhios aige go mbeadh sé ina shuí sa bheár go deireadh na hoíche. Ní raibh ag éirí le Billy ar an láthair tógála agus shocraigh Jimmy cuidiú leis sa phost. D’fhéach Jimmy ar na fir eile sa bheár. Níor thuig sé cén fáth nach raibh fonn ar na “pótairí” dul abhaile. Bhí seisean breá sásta filleadh chun tí.

Bhí mac ceithre bliana d’aois aige, agus cúpla a rugadh sé mhí ó shin. Bhí teach deas, cluthar acu chomh maith. Níor íoc siad ach ceithre mhíle as an teach, ach dheisigh siad go breá é. D’imigh Jimmy, mar ba mhaith leis a theaghlach a fheiceáil. Oíche fhuar a bhí ann. Chuaigh sé go dtí an bhialann Shíneach.

Bhí déagóirí drochbhéasacha ann, agus iad ar meisce. Bhí Liz – máthair óg singil – ag obair taobh thiar den chuntar. Dúirt sí le Jimmy nach raibh a leithéid coitianta – Rud a chuir náire air mar bhí trua aige di. Tháinig déagóir chuig Jimmy ag iarraidh airgid. Thug sé briseadh dó, ach níor ghabh an rógaire fiú buíochas leis. Chuala Jimmy caint ghairsiúil na ndaoine óga, agus níor thaitin sé leis ar chor ar bith.

Fuair sé an bia agus thosaigh sé ar an turas gearr abhaile. Chuir sé an mála bia faoina chasóg chun é a choinnilt te. Bhí sé ag smaointiú ar a bhean ghleoite nuair a tháinig carr gan solas. Go tobann, scaoil fear óg urchar as gunna agus mharaigh sé Jimmy. Fágadh é ina luí ar an tsráid, agus a chuid fola ag meascadh leis an bhia beir leat.

© Evan Smith 2009 - 2017